An Ghaeilge agus an Leigheas

Tá dúshláin agus deachrachtaí fé leith a bhaineann leis an Ghaeilge i saol gairmiúil an leighis, a scríobhann Dr. Colm Henry.

Colm Henry
Dr. Colm Henry

Tá dúshláin agus deachrachtaí fé leith a bhaineann leis an Ghaeilge i saol gairmiúil an leighis. Ar an chéad dul síos, tá baint daingean idir an Bhéarla agus an leigheas idir téarmí teicniciúla, na h-irisí leighis, oideachas an leighis agus, ar ndóigh na príómhionad leighis a bhfuil lonnaithe sa Bhreatain agus SAM. Lena chois, is iad príómhchuspóir agus príómhdhualgas an dhochúra ná na hairíonna agus na comharthaí cearta a aimsiú agus gan botún a dhéanamh dá bharr deachrachtaí aistriucháin. Is dóigh fosta, i measc daoine aosta sna Gaeltachtaí, gur chúis náire doafa bheith ag brath ar an Ghaeilge fós. Dúirt an scríbhneoir Conallach, Seosamh MacGrianna, blianta fada ó shin go ‘siúlann an Ghaeilge leis an bochtainanas agus an t-ainbhios’. Cé go bhfuil stádas bronnaithe ar an teanga ó tús an Stáit anall, tá an lámh in uachtar ag an Béarla fós i réimse dlí agus leigheas. Sin ráite, téann stair ár dteanga féin siar anall níos faide ná stair an Bhéarla agus tá téarmaí agus módhanna cainte uathúala fá choinne galair agus an leighis i nGaeilge a bhfuil thar a bheith tábhachtach dúinne á gcaomhnú. Thig le dochtúir dul i mbun comhrá le othar as an Ghaeltacht agus é/í a chur ar a suaineas ina theanga féin. Amannaí, tagann an fhírinne tríd an Ghaeilge nuair a fhágtar fé cheilt i mBéarla í.

Maidir le macléinn leighis, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbéadh eolas acu ar téarmaí leighis i nGaeilge sa dóigh is go mbeadh siad ábalta an teanga a chur i bhfeidhm ina saol gairmiúil laethiúil

Le linn mo thréimhse mar dhochúir, dáimsigh mé roinnt mhaith cainteoirí dhúchasa a raibh beagán faitíoch ar dtús a gcuid gnó a dhéanamh i nGaeilge ach a thiocfadh ar a mhalairt intinne dá dtabharfaí an deis daofa. Is léir domsa go gcaithfear cur ina luí orthu go bhfuil sé de cheart acu dul i gcomhairle leis an Stát ina dteanga féin, bíodh is gur dochtúir nó garda i gceist. Is iomaí scéil ar chluin mé thar na blianta ar chuir iontas orm, inste ag cainteoirí ina dteanga dhúchas. Is maith is cuimhin liom fear amhain as Ghaeltacht Chorcaí a raibh diabetes aige ag cur síos ar a thaithí féin nuair a chuaigh an leibhéal siúcra in isle agus é ag dul go dtí an margadh i  ndúiche iargiúlta, gan teacht ar dochtúir nó, fiú amhain, fón. Agus é ag dul i bhfanntais, bhain sé greim as sméara dubha a bhí ag fás in aice leis, Chuir sé ina bhéal go gasta iad agus thainig sé chuige féin arís. Níor ghá do fear na tuaithe brath ar an Glucagon agus ábhair dá leithéid thart in achan áit.

Taobh amuigh de na Gaeltachtaí, tá méid suntasach i gcainteoirí dá bharr na nGaelscoileanna agus tá dochtúiri óga scaipthe fán tír anois a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu agus cuireann sé sin le neart, láithreacht agus stádas an teanga. Maidir le macléinn leighis, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbéadh eolas acu ar téarmaí leighis i nGaeilge sa dóigh is go mbeadh siad ábalta an teanga a chur i bhfeidhm ina saol gairmiúil laethiúil. Go bhfios dom, in ainneoin go bhfuil ról lárnach ag an Ghaeilge sna hollscoileanna éagsula, ní sé de dhualgas ag na micléinn nó ag na húdarais an ról sin a aithint i curaclam na Scoile Leighis. Seachas dochtúirí, tá méid suntasach i gcomharthaí Ghaelige, buíochas le Acht na Teanga Oifigiúila. Is gá do údarás na n-ospidéal dul i muinín ar aistritheoirí lena chinntiú go bhfuil téarmaí chruinn acu i gcónaí.

Is minic a chuirtear ceisteanna orm i dtaca le suim agus líofacht sa Ghaeilge. Bhí an dúil agamsa riamh ach creidim go daingean go bhfuil sé ar a chumas ar achan duine ‘cúpla focal’ a chur le chéile. In ainneoin go bhfuil an Ghaeilge lag agus ag dul i léig, tá rian agus tréithe na Gaeilge le sonrú i logainmeacha, modhanna cainte, dearcadh na nGael agus an corrfhocail. Is cuimhin liom agallamh le máthair an grúpa ceoil, Clannad, agus í ag cur síos ar an dúil ag bhíodh acu sa ceol ag fás aníos. Maidir leis an ceol, dúirt sí ‘tá sé iontu’. Is amhlaidh an scéal maidir leis an Ghaeilge: tá sí ionainn.

Dr. Colm Henry, Comhairleoir Cliniciúil Naisiúnta agus Grúpa Ceannais,
Rannóg na nOspidéal Géarmhíochaine,
Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte